|
Stair Chomhaltais i Laois

Bunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann in Eanáir 1951 nuair a bhailigh daoine as Baile Átha Cliath agus an Mhuileann gCearr, a raibh suim acu sa cheol traidisiúnta, le chéile sa Mhuileann gCearr. Bhí sé mar aidhm acu ár dtraidisiúin shaibhir de cheol, amhránaíocht agus rince a chaomhnú go síoraí. Bhí an ceol, amhránaíocht agus rince ar siúl ag daoine aonaracha agus grúpaí ag damhsaí tí, aonaigh agus feiseanna cheoil ag an am ach ní rabhadar faoi scáth eagraíocht nó cumann náisiúnta. Níor thuig na ceannródaithe seo go bhfásfadh an gluaiseacht sin, ní amháin in Éirinn ach ar fud an domhain agus go mbeadh clú agus cáil ar an eagraíocht chultúrtha seo ar fud na cruinne faoi cheann trí scór bliain. Tá 400 craobh de Chomhaltas sa mbaile agus thar lear san lá atá inniú ann.
Bunaíodh craobhacha de Chomhaltais timpeall na hÉireann agus thosaíodar ag cleamhnú leis an eagraíocht náisiúnta chun Fleadhanna a chur ar siúl ar bhonn chontae chun forchéimniú chuig fleadh cúige agus uaidh sin dá mbeadh an t-ádh ortha chuig Fleadh Cheoil na hÉireann áit a mbeadh deis acu Craobh na hÉireann a ghnóthú. Níorbh aon eisceacht í Contae Laois le neart ceol, amhránaíocht agus rince ar siúl i neart ceantair timpeall an chontae. Bhí roinnt contaetha níos láidre sa traidisiún ceoil agus rince agus bhíodh múinteoirí, gardaí, bainisteoirí bainc agus lucht gnó ag glacadh poist i gcontaetha eile agus ag múineadh an cheol agus rince óna gcontae féin sa chontae nua inar chuireadar futhu.
Ar an cúigiú lá Nollaig 1961 bhailigh roinnt baill de na craobhacha de Chomhaltas i Laois le chéile in áitreamh Bhanna Cáirdín N. Iósaf i bPort Laoise, chun Bord Chontae do Laois a bhunú faoi chúram an tUasal Pádraig Ó Dufaigh as Biorra, a raibh post aige mar Eagraitheoir Cúige Laighean ag an am. Thug an tUasal Ó Dufaigh tuairisc uileghabhálach ar bhunú an eagraíocht, na rialacha agus na rialacháin (An Bunreacht), na gníomhaíochtaí agus an dul chun cinn a bhí déanta go dtí an pointe sin agus spreag sé gach duine a bhí i láthair chun Bord Contae a bhunú ar an bpointe, chun dualgas a ghlacadh ar féin don athbhliain. Ba iad Cúl an tSúdaire, Port Laoise, Rath Domhnaigh, Cluain na Slí agus Eiréil na craobhacha a bhí i láthair ar an oíche sin. Rinneadh an cinneadh d’aon ghuth chun Bord Chontae a bhunú do1962 i Laois agus toghadh na hoifigigh mar seo a leanas:
Cathaoirleach; Patrick Brennan. Craobh Chúl an tSúdaire Leaschathaoirleach: Brendan McMahon, Craobh Chúl an tSúdaire Rúnaí John Éireann Pc, Tc. Craobh Phort Laoise Cisteoir; Denis O"Riordan Craobh Ráth Domhnaigh. Iontaobhaithe:Denis O"Riordan Craobh Ráth Domhnaigh R. Sides Craobh Phort Laoise
Ba iad na hoifigigh seo, mar aon le beirt toscaire ó gach craobh, a tionóladh mar an chéad Bord Chontae i 1962.
Toghadh an cathaoirleach, rúnaí and cisteoir mar thoscairí chuig Comhairle Laighean leis an tUasal. O. Keegan, craobh Cúl an tSúdaire agus an tUasal Vincent Murray craobh Ráth Domhnaigh mar toscairí ionadaíoch.
Oifigigh na craobhacha a bhí ann i1961.
Port Laoise: Cathaoirleach; John Carroll,
Leaschathaoirleach ; P. J. Connell, Clonminam. Rúnaí; John Ireland T.C. Main St. Cisteoir; Daniel Tierney, Borris Rd. Coiste:. M. Bergin, John Connell, John McGill, Thomas Dermody, P. O’Leary, Hugh O"Neill, M. Doody.
Cúl an tSúdaire: Cathaoirleach: Brendan McMahon. Leaschathaoirleach: M. Hillary. Rúnaí: Derek Whelan. Cisteoir: P.Hearty. Coiste: F McCague, Wm. Dobbyn, D. Lyons, Bean Uí Chróinín, L O"Mahony agus George Lyons.
Ráth Domhnaigh:
Cluain na Slí: Cathaoirleach: Martin Fallon. Rúnaí: Peter Hogan. Cisteoir: Michael McCann. Coiste: Michael Kennedy, Peter Casey, Thomas McCann, Frank Dunne(Clonagh), Laurence Dowling, Andrew Conroy, Thomas Higgins, Frank Dunne(Gurteen. Errill)
Craobhacha a bunaíodh tar éis bunú an chéad Bord an Chontae : An Ráithín, Camros, An Cnoc Rua, An Spinc, Móinteach Mílic, An Chúlchoill, Ráithín/Dún Masc, Ráithín an Uisce, Baile Átha an Róine, Maighean Rátha agus An Stráidbhaile.
De réir a chéile, tháinig meath ar roinnt craobh agus athbunaíodh iad, rinneadh cónasctha ar craobhacha eile agus d’athraíodar an t-ainm agus bhí roinnt craobh eile a d’imigh ar neamhní.
Is iad na craobhacha atá gníomhach sa chontae faoi láthair ná: Camros; Cluain na Slí, Móinteach Mílic, Port Laoise, Cúl an tSúdaire, Ráithín an Uisce agus An Spinc.
An Chéad Fleadh Contae i Laois: Cuireadh an chéad fleadh contae ar siúl i gCúl an tSúdaire ar an 9 Meán Fómhair 1962. Bhí an chéad Fleadh Laighean a bhí ar siúl I Laois I gCúl an tSúdaire ar an 22/23 / 6 / 1963 Ba iad baill an Coist Fleadh ná: Cathaoirleach:. Brendan McMahon. Leaschathaoirleach: M. Turley (snr.) Rúnaí: Derek Whelan. Cisteoirí: P. Harty agus J. Ireland (Port Laoise) Fo-choistí: Céilíthe agus Ceolchoirmeacha: L. O"Mahony Comórtais: D. Lyons Paráid:. F. McCague Lónadóireacht: .B.Cronin Maoir: Dónal Dunne Maisiúcháin sna hIonaid: Tom Norton.
Buaiteoirí suntasacha ar an lá: Ceol Triúir (sinsearach): Sean Ryan trio CCE Cúl an tSúdaire Banna Máirseála: Scoil na mBráthair CCE Cul an tSudaire Amhráin- mná: Annie Salmon CCE Cluain na Slí Feadaíl (sinsearach): Michael McCann CCE Cluain na Slí, Portaireacht(oscailte): Michael McCann CCE Cluain na Slí Cáirdín 2 sraith Faoi 18: Ellen Flanagan CCE Cúl an tSúdaire Faoi 14: James Rigney CCE Cluain na Slí.
Buaiteoir eile sna Píob Uilleann (sinsearach) ar an lá sin ná Finbar Furey, Baile Átha Cliath!
Tionóladh Fleadhanna Chontae go bliantúil ina dhiadh sin sna bailte éagsúla timpeall an chontae cosúil le: Mainistir Laoise, Buiríos Mór Osraí, Camros, Cluain na Slí, Darú, Móinteach Mílic, Maighean Rátha, Cúl an tSúdaire, Port Laoise, Ráth Domhnaigh, An Stráidbhaile. Tionóladh an fleadh i roinnt de na bailte seo go minic.
Bannaí Céilí Bhuaigh Banna Céilí The Bridge (Cúl an tSúdaire) Craobh na hÉireann cúpla uair, Bhuaigh Banna Céilí na Coillte (An Ráithín)Craobh na hÉireann faoi 18 Bhuaigh Banna Céilí N. Fergal (Camros) Craobh na hÉireann faoi 18 Fuair Banna Céilí An Trióg (Port Laoise) an tríú áit dhá bhliain as a chéíle.
Buaiteoirí Ceoil an Geimhridh: Bhí buaiteoirí ag Laois sa chomórtas seo ag gach aois ghrúpa san am atá caite.
Buaiteoirí Scoraíocht: Bhuaigh Camros Craobh na hÉireann go minic sa chomórtas Scoraíocht ag leibhéal sinsearach agus sóirsearach is iad na seaimpíní do 2011.
Buaiteoirí Rince Seite: Tá Craobh na hÉireann bainte amach ag rinceoirí seite sinsearacha Chamros go minic ag an gComórtas Amhráin agus Rince a tionóltar gach bliain I mBaile an Chaisleáin.
Buaiteoirí Rince Leath-Seite: Tá Craobh na hÉireann bainte amach ag rinceoirí seite Bailel Átha an Róine go minic agus tá siad fós san iomaíocht leis na baill céanna fiú i mbliana.
Rinne Stephen Conroy agus Brendan Reilly bainistiú ar Chamchuairteanna Chomhaltais timpeall na hÉireann agus thar lear go Sasana agus Meiriceá
Is minic ceoltóirí ó Cho. Laoise ar an stáitse i mBrú Ború agus ar na camchuairteanna thar lear.
Thaisteal ceoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí ó Laois timpeall na cruinne le hAirí Rialtais ag déanamh ionadaíocht ar son na hÉireann ar mhisean trádála agus obair fógraíochta le cúpla bliain anuas.
Tá Fleadh Laighean ar siúl i gCo. Laoise arís i mbliana agus an t-am seo is i bPort Laoise a bheidh sé ar siúl ar an 8,9 agus 10 Iúil. Is iad baill craobh Phort Laoise faoi stiúir an Chathaoirleach. P.J.Ó Faoláin a bheidh ina ósteagraíócht agus guimid gach
rath ar an obair mhór atá rompu.
|